COMHAIRLE NA hEORPA.
MOLADH UIMH. R(89)12 Ó CHOISTE NA nAIRÍ CHUIG NA BALLSTÁIT
MAIDIR LEIS AN OIDEACHAS SA PHRÍOSÚN

  1. Beidh teacht ag priosúnaigh ar oideachas, lena n-áirítear ábhair a mhúintear sa
    seomra ranga, gairmoideaehas, gníomhaíochtaí cruthaitheacha agus cultúrtha,
    corpoideachas agus cluichí, oideachas sóisialta agus áiseanna leabharlainne.
     
  2. Ba choir go mbeadh an t-oideachas do phríosúnaigh ar aon dul leis an gcineál
    oideachais a chuirtear ar fáil do na haoisghrúpaí céanna sa domhan lasmuigh,
    agus ba chóir go mbeadh réimse deiseanna foghlama na bpríosúnach chomh leathan agus is féidir.
     
  3. Is í an aidhm a bheidh ag an oideachas sa phríosún ná an duine a fhorbairt ina
    iomláine nó ina hiomláine agus an cúlra sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha
    lena mbaineann sé nó sí á chur san áireamh.
     
  4. Maidir le gach éinne a bhfuil baint aige nó aici le riar agus le bainistiú na
    bpríosún, beidh sé nó sí sásta cabhair agus tacaíocht a thabhairt don oideachas,
    a oiread agus is féidir é.
     
  5. Beidh stádas an oideachais ar comhchéim ar a laghad le stádas na hoibre sa
    chóras príosún agus ní chaillfidh príosúnaigh aon airgead ná aon phribhléid
    eile i ngeall ar pháirt a ghlacadh san oideachas.
     
  6. Ba chóir gach iarracht a dhéanamh chun an príosúnach a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach gné den oideachas.
     
  7. Ba chóir clair thorbartha a sholáthar lena chinntiú go mbainfidh oideoirí leas as modhanna oideachais aosaigh a bheidh oiriúnach.
     
  8. Ba chóir aird speisialta a thabhairt ar cibé príosúnaigh a bhfuil fadhbanna acu i dtaca le léamh agus scríobh de.
     
  9. Ba chóir an gairmoideachas a dhíriú ar fhorbairt an duine ar bhealach leathan, chomh maith le bheith san airdeall ar chlaontaí i margadh an tsaothair.
     
  10. Ba chóir go mbeadh teacht ag príosúnaigh ar leabharlann a bhfuil stór maith leabhar inti uair sa tseachtain ar a laghad.
     
  11. Cuirfear béim ar an gcorpoideachas agus ar chluichí do phríosúnaigh agus
    spreagfar na nithe seo.
     
  12. Tabharfar ról tábhachtach do ghníomhaíochtaí cruthaitheacha agus cultúrtha .
    mar go gcuireann na gníomhaíochtaí áirithe sea ar chumas na bpríosúnach iad
    féin a fhorbairt agus a chur in iúl.
     
  13. Ba chóir go bhfolódh an t-oideachas sóisialta mireanna praiticiúla a
    chuirfeadh ar chumas an phríosúnaigh plé leis an saol laethúil sa phríosun,
    d’fhonn cabhrú leis an bpríosúnach filleadh ar an tsochaí.
     
  14. Ba chóir ligean do phríosúnaigh páirt a ghlacadh san oideachas taobh amuigh den phríosun, in aon chás ar féidir sin.
     
  15. I gcás gur sa phríosún a chaithfear an t-oideachas a thabhairt, ba chóir go mbeadh-an-pobal lasmuigh den phríosún páirteach ann, a oiread agus is féidir sin.
     
  16. Ba chóir bearta a dhéanamh le cur ar chumas na bpríosúnach leanúint dá gcuid oideachais tar éis iad a ligean amach.
     
  17. Maidir leis na cistí, an trealamh agus an fhoireann teagaisc is gá chun cur ar chumas na bpríosúnach oideachas oiriúnach a fháil, ba choir iad a sholáthar.

Disclaimer:
The translated text is not official.
For an official, juridical reference use the English or French version.